Print Friendly, PDF & Email

Mórann m’anam an Tiarna,
agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d’ardaigh sé daoine ísle;
Líon sé lucht an ocrais le nithe fónta,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
D’fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire –
de réir mar gheall sé dar n-aithreacha –
d’Abrahám agus dá shliocht go brách.

Amen