Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.
Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, Tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mná, Agus is beannaithe toradh do bhroinne; Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn na peacaigh, anois, agus ar uair ár mbáis.
Críost liom, Críost romham, Críost i mo dhiaidh, Críost ionam, Críost ar mo lámh dheas, Críost ar mo lámh chlé, Críost i mo chuideachta is cuma cá dtéim, Críost mar chara agam, anois is go buan.
Mórann m'anam an Tiarna, agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir. Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom. Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm, agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin dóibh seo ar a mbíonn a eagla. Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle; Líon sé lucht an ocrais le nithe fónta,
A Dhia, tá grá agat dom. Bíonn tú liom de lá is d'oíche. Ba mhaith liom grá a thabhairt duit Gach nóiméad den lá. Ba mhaith liom tú a shásamh. A Athair, cabhraigh liom.
A Dhia, a Athair, molaim thú As ucht do chineáltais liom inniu. As ucht mo chairde molaim thú, Agus as an teaghlach a thug tú dom. I ndorchadas na hoíche cosain mé Solas na maidine go bhfeice mé.
atá ag suí chun boird le chéile. Beannacht ar an mbia a ithimid inniu. Beannacht ar na lámha a d'ullmhaigh dúinn é. Beannacht ó Dhia dílis orainn féin.