An Coiste Tréadach

Print Friendly, PDF & Email

AN COISTE TRÉADACH

Lá Fhéile Pádraig, 2024:

 

 

AIFRINN DOMHNAIGH I nGAEILGE, 2023:

 

 

CUSPÓIRÍ

Nuair a bhunaigh an Cairdinéal Ó Conaill An Coiste Tréadach sa bhliain 2000, d’iarr sé ar na baill moltaí praiticiúla a dhéanamh a chuideodh leis agus len a chomharbaí, le cabhair agus cead na bparóistí, freastal creidimh a dhéanamh, go fonnmhar agus go gairmiúil, mar chuid dá gceart, do Phobal na Gaeilge san Ard-Deoise. B’é an tEaspag Fiachra Ó Ceallaigh OFM an Cathaoirleach tosaigh. Bhí an tSr. Eilís Ní Thiarnaigh agus an tAth. Pádraig Ó Cochláin mar chomharbaí air, agus ó 2017, an tAth. Pádraig Ó Baoill. Cruinníonn an Coiste thart ar ocht n-uaire sa bhliain. I measc na mball tá sagairt, lucht na beatha rialta, agus tuataí, le taithí ar ghaeloideachas, séiplineacht óige, foilsiú, agus cothú páirteachais sa liotúirge.

FREAGRACHTAÍ

AIFRINN DOMHNAIGH SNA DÚICHÍ
I 2008 d’ainmnigh an t-Ardeaspag Ó Máirtín móramh na nAifreann Ghaeilge san Ard-Deoise mar Aifrinn Dúiche, gach ceann díobh ag déanamh freastail ar thart ar dhá pharóiste déag. Cúram Domhnaigh a bhí anseo, móide Féilte Eaglasta i roinnt cás. I gcás gantannas sagart logánta le cumas teanga, cuidíonn an Coiste le róta ceiliúraithe a earcú do na hAifrinn seo. (Ag Eaglais N. Eoin Soiscéalaí, Baile an tSaoir, tá an tAifreann faoi riar an Choiste féin, a ghlacann freagracht na mbailiúchán Aifrinn agus a ghlanann gach costas). Ceiliúrtar Aifrinn i nGaeilge chomh maith in eaglaisí eile, cuid acu ar bhonn míosúil, ar Lá Fhéile Pádraig, do Ghaelscoileanna, nó i rith Éigsí áitiúla. Fáiltíonn an Coiste roimh na beartais seo uile.

LIOTÚIRGÍ BLIANTÚLA AGUS CRAOLTAÍ
Eagraíonn an Coiste, le cabhair Phobal an Aifrinn, liotúirgí bliantúla, ina measc Aifrinn laethúla lárcathrach sa Charghas, agus liotúirgí Thréan na Cásca agus na hOíche Nollag i mbruachbhailte an tuaiscirt agus an deiscirt. Maireann traidisiún láidir ceoil eaglasta i measc phobail Aifrinn Átha Cliath, le cumadóirí agus córacha ag cuidiú le hAifrinn éagsúla thar na blianta. Dá bharr, tig leis an gCoiste réiteach le Radio na Gaeltachta Aifrinn Domhnaigh a chraoladh ó eaglaisí san Ard-Deoise sé huaire sa bhliain nó nios mó.

AONTACHT CHRÍOSTAÍ
Gach mí Eanáir, réitíonn an Coiste go mbeidh sagart, mar ionadaí an Ardeaspaig, i gcomhcheannas ar an seirbhís bhliantúil i nGaeilge don Aontacht Chríostaí in Ardteampall Chríost. Cuidíonn Pobal an Aifrinn, agus ó Eaglais na hÉireann, Cumann Gaelach na hEaglaise, le heagrú na seirbhíse. Sagart Caitliceach a thugann an seanmóir gach re bliain. (Eagraíodh seirbhísí fíorúla i 2021 agus 2022 i rith na paindéime.)

GAELSCOILEANNA
San Ard-Deoise sí an Ghaeilge an mheán teagaisc i 52 bunscoil agus 15 iar-bhunscoil. Cuidíonn an Coiste sagairt le Gaeilge a sholáthar don Chéad Comaoineach, d’Fhaoistiní, agus do Shearmanas an tSolais, agus sagart nó easpag don Chóineartú. Tá a lán Gaelscoileanna faoin bhForas Pátrúnachta. Saothraíonn an Coiste le go ndéanfar cúram creidimh do dhaltaí, ag cur san áireamh sainspiorad gach scoil.

FOILSEACHÁIN AGUS FÓGRAÍOCHT
I 2012 d’fhoilsigh an Coiste An tAifreann Naofa, leabhrán le téacs nua an Aifrinn sa dá teanga, na Paidreacha Eocairisteacha d’Aifrinn le páistí san áireamh, móide dlúthdhiosca le fuaimrian théacs an Aifrinn i nGaeilge mar áis foghlamtha don chléir. Tugadh cóip do ghach sagart san Ard-Deoise. I 2017, Bliain an Teaghlaigh, d’fhoilsigh an Coiste Cárta Guí, paidreacha do leanaí Céad Comaoineach: dáileadh iad ar Ghaelscoileanna na hArd-Deoise. Tá leabhrán faoi ullmhú leanaí don Chéad Fhaoistin idir lámha. Bíonn an Coiste i dteagmháil, nuair is gá, leis na hEaspaig agus le foilsitheoirí i gcás aon fhadhb faoi sholáthar nó faoi chaighdeán téacsanna liotúirgeacha. Le cabhair ón Oifig Cumarsáide agus ó Phobal an Aifrinn seolann an Coiste poiblíocht faoi mhór-ócáidí chuig gaelscoileanna, paróistí, agus na heagrais agus na meáin Gaeilge.

 

AN COISTE TRÉADACH

AIMS

When Cardinal Connell established An Coiste Tréadach in the year 2000, he asked the members to make practical recommendations to assist him and his successors, with the help and permission of the parishes, to provide church ministry, willingly and professionally, as of right, to the Irish Language Community in the Archdiocese. Bishop Fiachra Ó Ceallaigh OFM was An Coiste’s founding chair. He was succeeded by Sr. Eilís Ní Thiarnaigh, then by Fr. Pádraig Ó Cochláin, and in 2017 by Fr. Pádraig Ó Baoill. An Coiste meets about eight times a year. Members include clergy, religious, and laity, familiar with Irish medium education, youth chaplaincy, publishing, and the fostering of liturgical participation.

RESPONSIBILITIES

DISTRICT SUNDAY MASSES
In 2008 Archbishop Martin designated most of the Irish Masses in the Archdiocese as Aifrinn Dúiche [District Masses], each to serve about twelve parishes. This was a Sunday provision, with Holy Days in some cases. Where fluent local clergy are lacking, An Coiste assists in recruiting a rota of celebrants for these Masses. (At St. John the Evangelist’s Church, Ballinteer, the Mass is administered by An Coiste itself, which has charge of Mass collections and covers all costs.) Masses in Irish are also celebrated in other churches, sometimes monthly, on St. Patrick’s Day, for Gaelscoileanna, or at local Irish éigsí. An Coiste welcomes all such initiatives.

ANNUAL LITURGIES AND BROADCASTS
An Coiste, helped by the support society Pobal an Aifrinn, organises annual liturgies, including city centre weekday lenten Masses, and Holy Week and Christmas Eve liturgies for the north and south suburbs. Dublin’s Irish congregations retain a strong tradition of liturgical music, with, over the years, composers and choirs helping at various Masses. As a result, an Coiste is able to arrange for Raidio na Gaeltachta to broadcast Sunday Masses from churches in the Archdiocese six or more times a year.

CHRISTIAN UNITY
Each January, An Coiste arranges for a priest to co-preside on behalf of the Archbishop at the annual service in Irish for Christian Unity in Christchurch Cathedral. Pobal an Aifrinn and, for the Church of Ireland, Cumann Gaelach na hEaglaise, help organise the service. A Catholic priest gives the sermon in alternate years. (In 2021 & 2022 due to the pandemic, virtual services were held.)

IRISH MEDIUM SCHOOLS
In the Archdiocese Irish is the medium of instruction in 52 primary and 15 post primary schools. An Coiste helps supply Irish speaking priests for First Communions, Confessions, and the Ceremony of Light, and a priest or bishop for Confirmations. Many schools are under An Foras Pátrúnachta. An Coiste works to provide for the religious needs of pupils, taking account of the characteristic spirit of each school.

PUBLICATIONS AND PUBLICITY
In 2012 An Coiste published An tAifreann Naofa, a booklet with the new text of the Mass in both languages, the Eucharistic Prayers for Masses with children included, and a CD with the soundtrack of the Irish text as a learning aid for clergy. Copies were given to every priest in the Archdiocese. In 2017, the Year of the Family, An Coiste published a Cárta Guí, or prayer card, for First Communicants. These were distributed to Gaelscoileanna in the Archdiocese. A booklet on preparing children for First Confession is in preparation. An Coiste is in contact, when needed, with the Bishops and with publishers where issues arise regarding the supply or the quality of liturgical texts. With the help of the Communications Office and Pobal an Aifrinn, An Coiste provides publicity on major events, to gaelscoileanna, parishes, and Irish language bodies and media.

 

An tArdeaspag leis an Canónach Pádraig Ó Baoill agus na ceoltóirí Róisín, Muireann agus Dónal Ó Dúghaill ag seoladh A Thiarna Déan Trócaire, i mBaile Breacáin, Samhain 10, 2023. / Archbishop Farrell with Canon Paddy Boyle (Chair, An Coiste Tréadach) and the Ó Dúghaill family musicians at the launch in Brackenstown, November 10, 2023, of A Thiarna Déan Trócaire, a resource for teachers and parents of children in the Gaelscoileanna preparing for First Confession.

 

BAILL / MEMBERS, 2022

An tAth. Pádraig Ó Baoill / Fr. Paddy Boyle Adm.,
Cathaoirleach / Chair: le fáil ag 086 1011415.

An tAth. Liam Ó Cuív S.P., An tAth. Vasyl Kornitsky S.C.,
Caitríona Uí Chatháin, Rúnaí / Secretary,
An tSr. Máiréad Ní Bhuachalla R.S.C. (séiplíneach meánscoile),
Aideen McBride (séiplíneach bunscoile), Dónall Ó Conaill,
Giollamuire Ó Murchú, Bláthnaid Ó Brádaigh, Paula Ní Shlatara.

EOLAS BREISE / FURTHER INFORMATION


SCEIDIL AIFRINN / MASS SCHEDULES :
2023 Aifrinn Domhnaigh & Craoltaí
2023 Liotúirgí na Seachtaine Móire
2022 Aifrinn na Féile Pádraig
2022 Aifrinn na Nollag

ÁISEANNA / RESOURCES :
2017 Irish Language Resources for Priests
2016 An Leabhar Aifrinn

TUAIRISCÍ / REPORTS :
2022 An Coiste Tréadach – Tuairisc
2020 An Coiste Tréadach – Tuairisc
2018 An Coiste Tréadach – Tuairisc
2017 An Coiste Tréadach – Tuairisc
2016 An Coiste Tréadach – Tuairisc